Tugadh La Retirada nó An Cúlú air nuair a theith suas le 500,000 duine ón Spáinn go dtí an Fhrainc roimh dheireadh Chogadh Cathartha na Spáinne.
Ag deireadh na promanáide tá roschoill ghiúise agus i lár na coille tá leacht mór dubh cuimhneacháin atá deartha go simplí. Go hiondúil bíonn sé maisithe le crobhaing bláthanna agus le bratacha buí agus dearga na Catalóine.
Ar chlár fógraí taobh leis an leacht, tá cur síos ar stair na gcampaí géibhinn mar aon le grianghraif dhonnrua ina bhfuil gasra teifeach, iad gléasta in éadaí gioblacha. Níl iontu ach na cnámha agus iad ag stánadh ar an gceamara trí shúile atá báite ina gcinn. Chodlaídís ar an ngaineamh i scáthláin gharbha nó i bpoill sa ghaineamh a thochail na príosúnaigh féin. Ní raibh leithris, ná uisce reatha acu. Chónaigh suas le 50 náisiúnach coigríche le cois a chéile taobh thiar de sconsa de shreanga deilgneacha.
Ba Phoblachtaigh Spáinneacha iad agus throid Pedro in aghaidh fhórsaí Franco. Le linn na troda d’fhulaing sé gortú tromchúiseach dá ae. In Old Trafford in 1994, chonaic mé féin is mo mhac é ag imirt in aghaidh Manchester City agus bóna a gheansaí casta aníos aige – nós aitheanta leis.Tugadh cuireadh do Eric Cantona staid pheile nua Chumann Sacair Argelès-sur-Mer a oscailt go hoifigiúil in 2019. Is ar imeall an bhaile faoi scáth na Sléibhte Les Alberes i mbunchnoic Shléibhte na bPiréiní atá an pháirc pheile phictiúrtha seo suite.
Ireland Latest News, Ireland Headlines
Similar News:You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.
Source: IrishTimes - 🏆 3. / 98 Read more »
Source: IrishTimes - 🏆 3. / 98 Read more »
Source: IrishTimes - 🏆 3. / 98 Read more »
Source: IrishTimes - 🏆 3. / 98 Read more »
Source: IrishTimes - 🏆 3. / 98 Read more »
Source: IrishTimes - 🏆 3. / 98 Read more »